Ceisteanna Coitianta

Cé hiad na daoine gur gá dóibh fógra a thabhairt don Aonad Imscrúdú Taismí Muirí (MAIU) faoi thaisme muirí?

In Alt 17 den Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) 2025, pléitear an cheád fhógra faoi thaisme muirí, agus tá sliocht den bplé céanna ar fáil ag deireadh an doiciméid seo.

Ar an gcéad dul síos, leagtar an dualgas seo ar mháistir na loinge, nó má chailleadh an máistir, an t-oifigeach is sinsearaí a mhaireann. Ina theannta sin, tá an t-oibleagáid céanna ar úinéir na loinge mura bhfuil siad cinnte go bhfuil tuairisc tugtha cheana féin ag an máistir nó an t-oifigeach is sinsearaí a mhaireann.

I gcás nach mbaineann an taisme muirí ach le hárthaí uisce pearsanta, le hárthaí áineasa nó le hárthaí beaga mearchumhachta, níl feidhm ag na hoibleagáidí céanna a leagtar ar an máistir, an t-oifigeach is sinsearaí a mhaireann ná an t-úinéir i dtaobh fógra a thabhairt.

Ina theannta sin, tá oibleagáid ar pháirtithe éagsúla eile freisin, lena n-áirítear údaráis chuain, údaráis uiscebhealaí intíre, Garda Cósta na hÉireann, agus Oifig na Suirbhéireachta Muirí. Tá oibleagáid ar na comhlachtaí sin fógra a thabhairt fiú i gcás ina bhfuil fógra tugtha ag máistir nó úinéir na loinge, nó i gcás taisme muirí nach mbaineann ach le hárthaí uisce pearsanta, árthaí áineasa nó árthaí beaga mearchumhachta.

Cén uair ba cheart an fógra a thabhairt?

Ba cheart an fógra a thabhairt láithreach ar theacht ar an eolas faoi thaisme muirí a tharla nó a thosaigh, nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Cad is taisme muirí ann?

Sainmhínítear taisme muirí laistigh de Alt 2(1) den Acht, agus ciallaíonn sé gortú de bharr taisme muirí nó eachtra muirí. Tugtar sainmhíniú breise ar seo laistigh den ailt céanna Merchant Shipping (Investigation of Marine Accidents) Act 2025, Section 2

An gá d'úinéir nó do mháistir báid áineasa fógra a thabhairt?

I gcás nach mbaineann an taisme muirí ach le hárthaí uisce pearsanta, le hárthaí áineasa nó le hárthaí beaga mearchumhachta, níl feidhm ag na hoibleagáidí céanna a leagtar ar an máistir, an t-oifigeach is sinsearaí a mhaireann ná an t-úinéir i dtaobh fógra a thabhairt.

Cad a tharlóidh mura dtabharfaidh mé fógra?

Má cheanglaítear ort fógra a thabhairt faoi Alt 17(1) den Acht (mar mháistir, mar an t-oifigeach is sinsearaí a mhaireann, nó mar úinéir loinge), agus mura ndéanann tú amhlaidh gan leithscéal réasúnach, tá cion á dhéanamh agat agus d'fhéadfaí pionóis agus/nó príosúnacht a ghearradh ort mar atá leagtha amach in Alt 17(4) den Acht.

Má tharlaíonn sé i rith na hoíche nó ag an deireadh seachtaine, an gá dom fógra a dhéanamh láithreach nó an féidir liom fanacht?

Freagraítear an uimhir imscrúdaitheora ar glao-dhualgas 24/7 , mar sin déan d'fhógra láithreach nuair a thagann tú ar an eolas faoi thaisme muirí a tharla nó a thosaigh, nó chomh luath agus gur féidir leat ina dhiaidh sin. Seiceálann an t-imscrúdaitheoir atá ar glao-dhualgas an bosca ríomhphoist d’fógraí go tréimhsiúil lasmuigh d’uaireanta oifige.

Níl mé cinnte ar cheart dom fógra a thabhairt, cad ba cheart dom a dhéanamh?

Mura bhfuil tú cinnte, déan teagmháil le MAIU agus beimid sásta comhairle a chur ort.

An bhfuil aon long eisiata ó cheanglais maidir le fógra a thabhairt?

Ní bhainfidh an tAcht le tionóiscí muirí a bhaineann le longa de chuid Sheirbhís Chabhlaigh Óglaigh na hÉireann amháin.

Tá mé eisiata ó cheanglais maidir le fógra a thabhairt. An gciallaíonn sé sin nach féidir imscrúdú a dhéanamh ar thionóisc mhuirí a bhaineann le mo bhád?

Ní chiallaíonn: i gcás nár ceanglaíodh ort fógra a thabhairt, d'fhéadfadh imscrúdú sábháilteachta muirí tarlú fós. Ar an gcéad dul síos, féadfaidh an MAIU teagmháil a dhéanamh leat chun tuilleadh sonraí a lorg faoin taisme agus chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil gá le himscrúdú sábháilteachta muirí.

Cad a tharlaíonn nuair a fhaigheann an MAIU fógra faoi thaisme muirí?

Nuair a fhaigheann an MAIU fógra faoi thasime muirí, déanfar cinneadh ar dtús an bhfuil imscrúdú sábháilteachta muirí éigeantach faoi Alt 16 den Acht. Má tá, déanfar imscrúdú sábháilteachta muirí.

I gcásanna nach iad, déanfar réamh-mheasúnú ar an tasime muirí chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil údar le himscrúdú sábháilteachta muirí.

Cathain a dhéanann an MAIU imscrúdú sábháilteachta muirí?

Bíonn imscrúdú sábháilteachta muirí éigeantach i gcásanna áirithe, i gcásanna eile , déanfar réamh-mheasúnú ar an dtaisme muirí chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil údar le himscrúdú sábháilteachta muirí.

Cén cuspóir atá le himscrúdú sábháilteachta muirí?

Is é is cuspóir d'imscrúdú sábháilteachta muirí ná cúis an taisme muirí a aimsiú. Ní bheidh sé de chuspóir ag imscrúdú sábháilteachta muirí locht ná milleán a shannadh.

Cé a dhéanfaidh na himscrúduithe sábháilteachta muirí?

Is iad na himscrúdaitheoirí a ceapadh ar an MAIU a dhéanfaidh na himscrúduithe sábháilteachta muirí, le tacaíocht ón bhfoireann riaracháin nó ón Aonad. Oibríonn na himscrúdaitheoirí go buan don MAIU agus tabharfar barántas ceapacháin dóibh.

Uaireanta, féadfar sainchomhairleoir nó comhairleoirí a fhostú chun cabhrú le himscrúduithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh ócáidí ann freisin ina gcuirtear cúnamh ar fáil do Chomhlachtaí Imscrúdaithe Taismí ó Bhallstáit eile chomh maith le tíortha nach iad.

An bhfuil teorainneacha geografacha leis an áit a bhfuil feidhm ag an Acht seo?

Baineann an tAcht seo le longa Éireannacha in uiscí in áit ar bith, agus le gach long in uiscí na hÉireann. Ciallaíonn “uiscí na hÉireann” farraige theorann/críche, na huiscí ar thaobh na talún den fharraige theorann/críche, chomh maith le hinbhir, aibhneacha, lochanna agus uiscí intíre eile an Stáit (cibé acu a cruthaíodh nó a modhnaíodh go saorga iad nó nach ea).

Cad atá i gceist le long Éireannach?

Ciallaíonn long Éireannach long, seachas long chogaidh, ar a dtugtar long den sórt sin faoi Alt 9 den Acht Loingis Thráchtála 1955. Ciallaíonn sé sin longa atá faoi úinéireacht an Stáit, longa atá faoi úinéireacht iomlán daoine ar saoránaigh d'Éirinn iad (dá ngairtear saoránaigh Éireannacha anseo feasta) nó comhlachtaí corpraithe Éireannacha agus nach bhfuil cláraithe faoi dhlí tíre eile, agus longa eile atá cláraithe nó a mheastar a bheith cláraithe faoin Acht Loingis Thráchtála 1955.

Cad a tharlaíonn má bhíonn mo long i dtír eile agus í páirteach i dtaisme muirí?

Má tá do long i dtír eile nó i ndlínse eile agus í páirteach i dtaisme muirí, agus más rud é gur long Éireannach atá ann go mbeadh ar fógra a thabhairt de ghnáth, tá an fógra seo fós ag teastáil. Is dócha go mbeidh ceanglas ann fógra a thabhairt do na húdaráis a bhfuil dlínse acu ar an limistéar inar tharla an taisme muirí.