Eolas Fúinn
Bunaíodh an tAonad um Imscrúdú Taismí Muirí (MAIU) an 1 Eanáir 2026, faoi Alt 7(1) den Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) 2025 chun oibleagáidí reachtúla na hÉireann faoi Threoir 2009/18/CE agus faoi Chaibidlí I/21 & XI-1/6 de SOLAS a chomhlíonadh.
Leagtar amach san Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) 2025 an chreatlach reachtaíochta maidir le hoibriú an MAIU, tuairisciú agus imscrúdú taismí muirí agus cumhachtaí imscrúdaitheoirí an MAIU.
Tá an MAIU faoi stiúir an Phríomh-Imscrúdaitheora, David O’Driscoll, agus déanfaidh an t-aonad imscrúduithe sábháilteachta muirí ar thaismí a bhaineann le soithí in uiscí na hÉireann agus soithí a sheolann faoi bhratach na hÉireann áit ar bith eile ar domhan. Níl sé mar chuspóir ag imscrúdaithe sábháilteachta mara locht ná milleán a chur i leith duine. Is é cuspóir an imscrúdaithe sábháilteachta mara cúis na timpiste mara a fháil amach agus moltaí sábháilteachta a dhéanamh.
Oibríonn agus feidhmíonn an MAIU go neamhspleách ó na hoifigigh Aire a dhéanann cinntí maidir le feidhmeanna muirí, mar atá leagtha amach go mion in Alt 10(3) den Acht. Foilseoidh an tAire beartas dá ngairtear an ‘beartas coimhlintí leasa’ a bhfuil sé mar aidhm aige neamhspleáchas an MAIU agus neamhspleáchas agus neamhchlaontacht imscrúdaitheoirí a chinntiú.
Sainmhínítear san Acht cad is taisme mhuirí ann, leagann sé amach cuspóir na n-imscrúduithe, leagann sé síos an riachtanas maidir le taisme mhuirí a thuairisciú, cathain agus conas a dhéanfar imscrúdú, cumhachtaí imscrúdaitheoirí an MAIU agus iad i mbun a n-imscrúduithe agus an tréimhse ama atá le cloí leis agus taismí muirí á n-imscrúdú.
Déantar foráil san Acht freisin do dhíscaoileadh an Bhoird Imscrúdú Taismí Muirí (MCIB) agus leagtar amach forálacha imscrúdaithe idirthréimhseacha trína leanfaidh imscrúdaitheoir an MCIB nó an MAIU de bheith ag déileáil le haon imscrúdú atá ar siúl cheana féin, agus cinneadh le déanamh , de bhun na bhforálacha reachtúla agus na modhnuithe ábhartha.
Is féidir sonraí faoin MAIU a fháil ar an suíomh gréasáin ag: www.maiu.gov.ie agus is féidir aon cheist a sheoladh chuig info@maiu.gov.ie
Ba chóir fógraí faoi thaismí muirí a chur chuig an Imscrúdaitheoir-ar ghlao ar an teileafón ag +353 1 XXXXXXX. Déantar faire ar an teileafón seo 24 uair sa lá.
Aon fhógra a dhéantar chuig an MCIB tar éis an 31 Nollaig 2025 ní ghlacfar leis mar fhógra faoin Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) 2025. Má tá amhras ar bith ort, déan teagmháil leis an MAIU trí ríomhphost: info@maiu.gov.ie nó ar an teileafón +353 1 6040578 le linn gnáthuaireanta oibre.
Maidir leis an MCIB
Bunaíodh an Bord Imscrúdú Taismí Muirí (MCIB) an 5 Meitheamh 2002 faoi Alt 7(1) den Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) 2000, agus bhí sé i bhfeidhm go dtí gur bunaíodh an tAonad um Imscrúdú Taismí Muirí (MAIU).
Tá an creat reachtaíochta maidir le hoibriú an MCIB, tuairisciú agus imscrúdú taismí muirí agus cumhachtaí imscrúdaitheoirí an MCIB leagtha amach in Acht 2000 agus i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Loingeas Ceannaíochta) (Imscrúdú Taismí) 2011.
San Acht 2000 sainmhínítear cad is taisme mhuirí ann, leagann sé amach cuspóir na n-imscrúduithe, an ceanglas maidir le taisme mhuirí a thuairisciú, cathain agus conas a dhéanfar imscrúduithe, cumhachtaí imscrúdaitheoirí an MCIB agus iad ag déanamh a n-imscrúdaithe agus léiríonn sé an tréimhse ama atá le cloí leis agus taismí muirí á n-imscrúdú. Agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige, comhlíonann an MCIB forálacha Chód Imscrúdaithe Taismí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta agus Treoir 2009/18/CE ón AE lena rialaítear imscrúdú timpistí san earnáil iompair mhuirí. Tá gach ball den Bhord fostaithe ar bhonn páirtaimseartha.
Ba chomhlacht neamhspleách é an MCIB a raibh a mhaoiniú féin aige arna sholáthar ag an Oireachtas faoi Alt 19 den Acht. Tá an MCIB neamhspleách ar an Aire Iompair i gcomhlíonadh a fheidhmeanna agus, i gcoitinne, beidh sé neamhspleách ar aon duine nó comhlacht eile a bhféadfadh a leasanna a bheith i gcoimhlint le feidhmeanna an Bhoird.